Cancion : Scáil na Lasrach Artista : Béal Tuinne Album : Live at St. James' Church, Dingle Url : https://www.letras10.co/letra-scail-na-lasrach-de-beal-tuinne Scáil na lasrach ó thine brea móna, cé bhain? Tabhairne suairc, leathfholamh I ndúbhluachair an gheimhridh anois Plúchta le gríanadóirí an tsamhraidh Spás ghearr ó shoin, meidhréiseach Leathnochtaithe, deargchneasadh Ar thóir na gréine, na gainí 'gus na dtonn Scáil na lasrach, ó thine brea móna Thall ar scáth na lasrach Beirt iascairí cnámhacha As téamh a slinneáin le neart na tine Níl ann ach clapsholas, is fuacht amuigh Scéalta saoil sona, dona, lasracha Ag teaspáint a riostaí cnámhacha, lom A chnag framai báid ar thóir an éisc.. Scáil na lasrach, ó thine brea móna Scáil na lasrach, ó thine brea móna Nach sona é tine ar iasacht tábhairne Dha phiúnt portair mar anlann le tine Ní tráchtar sna teampaill ar a dtárla Scáil na lasrach, ó thine brea móna Scáil na lasrach, ó thine brea móna Scáil na lasrach, ó thine brea móna ========================== Letra descargada de Letras10.co ==========================