Cancion : An Buachaillín Ban Artista : Iarla Ó Lionáird Album : Invisible Fields Url : https://www.letras10.co/letra-an-buachaillin-ban-de-iarla-o-lionaird Tá mo chroí-se go tláth lag 'S i lár mo chuid saothair Tagann lán tocht im chléibhse Cé nár mhéin liom é rá Tá an díbirt i ndán dom Ó bháin bheannaibh Éireann Is fánach mo shaolsa 'S is déarach mo chás Is cuimhin liom an tráth Úd a ghrá ghil na n-ae istigh Thugas grá searc is géilleadh Dod chaomh roisc thar chách A Rí ghil na n-árann Dob fhearr liom go n-éagfainn I láthair mo ghaolta Is mo bhuachaillín bán Tá críoch Inis Failbhe Go lán fad' i ndaor bhroid Go cráite 's go céasta I ngéibhinn na namhad Nó an fíor nach foláir duit Go brách bheith go déarach A oileáinín bhig mhaorga Na naomh is na mbard Ó guímse go hard Ar an Ard Athair Naofa Chun ár agus léir-scrios Do dhéanamh ar Sheán Do dhíbir na táinte Thar sáile 'na gcéandta 'S chuir fán orm féinig Óm' bhuachaillín bán ========================== Letra descargada de Letras10.co ==========================