Aisling thruagh do mhear mise
Fa-deara an suan sithe-se
Amhra do chailg mo chridhe
Mairg re dtarla ar dtaibhse-ne
Ní thig liom musgladh go moch
Ar shuan ní fhaghaim árach
Mo thruaighe nár hobadh inn
Codal uaire ní fhéadaim
Ochán!
Truagh
Nách tig mh'annsa
I dtaibhse ar cuairt
Chugamsa
Ní chreidim, ní chreidfe me
A teacht go bráth na breithe
Im radharc a-ris, dar linn
Im amharc d'fhis na d'aisling
Ochán!
Truagh
Nách tig mh'annsa
I dtaibhse ar cuairt
Chugamsa
An ghnúis tsoidhealbhdha
Do ghruadh ghlan
Gidh tuar doimheanmna
A deallradh
Ochán!
Truagh
Nách tig mh'annsa
I dtaibhse ar cuairt
Chugamsa
An ghnúis tsoidhealbhdha
Do ghruadh ghlan
Gidh tuar doimheanmna
A deallradh