I mo bhuachaill óg, fadó fadó
D'aimsíos nead
Bhí na gearrcaigh clúmhtha, fásta
Is iad ag scread
D'éirigh siad – is thuirling
Arís ar m'ucht
Ormsa bhí muince clúimh
Sa mhóinéar fliuch
Níor dhuine mé ach géag crainn
Nó carn cloch
Ach bhí iontas crua nár bhraith said
Ag bualadh faoi m'ucht
B'in an lá ar thuirling ceird
A éilíonn ómós:
Is d'fhág a n-ingne forba orm
Nár leigheasadh fós
Comparte The Necklace of Wrens! con tus amigos.
Que tal te parece The Necklace of Wrens de The Gloaming?