Letra An Buachaillín Ban de Iarla Ó Lionáird

Letra de An Buachaillín Ban

Iarla Ó Lionáird


An Buachaillín Ban
Iarla Ó Lionáird
(0 votos)
Tá mo chroí-se go tláth lag
'S i lár mo chuid saothair
Tagann lán tocht im chléibhse
Cé nár mhéin liom é rá
Tá an díbirt i ndán dom
Ó bháin bheannaibh Éireann
Is fánach mo shaolsa
'S is déarach mo chás

Is cuimhin liom an tráth
Úd a ghrá ghil na n-ae istigh
Thugas grá searc is géilleadh
Dod chaomh roisc thar chách
A Rí ghil na n-árann
Dob fhearr liom go n-éagfainn
I láthair mo ghaolta
Is mo bhuachaillín bán

Tá críoch Inis Failbhe
Go lán fad' i ndaor bhroid
Go cráite 's go céasta
I ngéibhinn na namhad
Nó an fíor nach foláir duit
Go brách bheith go déarach
A oileáinín bhig mhaorga
Na naomh is na mbard

Ó guímse go hard
Ar an Ard Athair Naofa
Chun ár agus léir-scrios
Do dhéanamh ar Sheán
Do dhíbir na táinte
Thar sáile 'na gcéandta
'S chuir fán orm féinig
Óm' bhuachaillín bán


Comparte An Buachaillín Ban! con tus amigos.


Que tal te parece An Buachaillín Ban de Iarla Ó Lionáird?
Pesima
Mala
Regular
Buena
Excelente